Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by


Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Iúil 2024

Cad a chinneamar?

Ní dhearnamar athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis

Tá ár rátaí fós ard, rud a chabhraíonn leis an mboilsciú a bhrú síos. Tá gá leis sin fós toisc gur dócha go bhfanfaidh an boilsciú os cionn ár sprice 2%.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

Tá an geilleagar ag téarnamh go mall

Tá seirbhísí ag cur borradh faoin bhfás ar an ngeilleagar. Tá níos mó airgid le caitheamh ag daoine toisc go bhfuil boilsciú ag titim agus go bhfuil pá ag dul i méid.

Níl an déantúsaíocht ag déanamh go maith

Níl a dtáirgeadh á mhéadú ag gnólachtaí, agus níl méadú ag teacht ar a gcuid onnmhairí ach oiread. Ach de réir mar a théarnaíonn an geilleagar domhanda, ba cheart go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.

Tá an boilsciú ag teacht anuas ach beidh cúpla casadh sa bhóthar

Níl méadú chomh tréan céanna ag teacht ar phraghsanna earraí agus bia níos mó. Tríd is tríd, táimid ag súil go bhfillfidh boilsciú ar ár sprioc 2%, cé go bhféadfadh cúpla ardú agus laghdú a bheith ann sula mbainimid amach an sprioc sin.

Tá ardú tapa ag teacht ar phá i gcónaí

Tá oibrithe ag féachaint le cúiteamh a fháil ar arduithe a rinneadh ar phraghsanna san am atá thart. Tá níos mó post á gcruthú fós, go háirithe i seirbhísí. Tá níos lú brabúis á dhéanamh ag gnólachtaí, go páirteach toisc nach bhfuil siad ag cur a gcostais saothair níos airde ar aghaidh chuig custaiméirí i bhfoirm praghsanna níos airde.

Tá daoine ag iarraidh morgáistí a thógáil amach arís

Ciallaíonn rátaí arda úis go bhfuil iasachtaí costasach go leor fós. Ach tá sé beagán níos éasca morgáiste a fháil anois. Anois, den chéad uair le dhá bhliain anuas, tá níos mó daoine ag cur isteach ar iasachtaí chun tithe a cheannach.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag an gcruinniú is déanaí dá cuid.

Preaseisiúint

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?