Nótaí bainc amach anseo
Tar éis 20 bliain, tá sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuma atá ar ár gcuid nótaí bainc chun go mbeidh sé éasca ag Eorpaigh de gach aois agus cúlra luí a bheith acu leo.
Tugadh na chéad nótaí bainc euro isteach ar an 1 Eanáir 2002.
Anois, níos mó ná 20 bliain ina dhiaidh sin, táimid ag ullmhú le haghaidh sraith nótaí bainc eile don todhchaí. Déanfar an cinneadh maidir le cathain a sheolfar an tsraith nua amach anseo. Déanfar nótaí bainc euro a athdhearadh le cabhair ón bpobal agus ó shaineolaithe sula nglacfaidh Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an cinneadh deiridh maidir leis an téama nua agus na dearaí.
Móitífeanna a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh nótaí bainc euro roghnaithe a bheidh ann amach anseo
Rinne an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir le móitífeanna féideartha chun nótaí bainc a bheidh ann amach anseo a léiriú, bunaithe ar an dá théama a roghnaíodh roimhe seo: “Cultúr na hEorpa: spásanna cultúrtha comhroinnte” agus “Aibhneacha agus éin: athléimneacht san éagsúlacht”.
An próiseas athdheartha
I mí na Nollag 2021, d’fhógraíomar ár bpleananna chun nótaí bainc euro a athdhearadh. Caith súil ar na céimeanna éagsúla sa phróiseas agus faigh amach conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann sula ndéantar an cinneadh deiridh.
Cén fáth a dteastaíonn nótaí bainc nua uainn?
Tá nótaí bainc nua á bhforbairt againn lena chinntiú go mbeidh siad níos sláine, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.
Straitéis airgid an EurochóraisAg éisteacht leis an bpobal
I samhradh 2023, rinneamar dhá shuirbhé ar roghanna an phobail maidir leis na seacht dtéama a chuir an Chomhairle Rialaithe ar an ngearrliosta.
Féach ar an tuarascáilAN BHFUIL AN NUACHT IS DÉANAÍ Á LORG AGAT FAOI NA NÓTAÍ BAINC A BHEIDH ANN AMACH ANSEO?