Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Forléargas ar staidreamh BCE

Tá staidreamh riachtanach chun cinntí feasacha a dhéanamh

Cuidíonn staidreamh fónta airgeadais agus airgeadaíochta linn cinntí feasacha a dhéanamh. Cuireann an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta staidreamh oifigiúil ar fáil maidir le stádas an gheilleagair. Cuidíonn an staidreamh sin le gach gné d’obair an Bhainc Ceannais Eorpaigh, lena n-áirítear beartas airgeadaíochta, cobhsaíocht airgeadais agus maoirseacht baincéireachta.

Cén fáth a bhfuil tábhacht le staidreamh?

Léargas ar fhíricí

11%

An sciar de shócmhainní seachtracha agus dliteanais sheachtracha an limistéir euro atá nasctha le heintitis shainchuspóireacha

Tá éagsúlacht mhór idir eintitis shainchuspóireacha (ESCanna) ó thaobh ábharthachta de ar fud thíortha an limistéir euro. Faoi dheireadh 2023, b’ionann iad agus thart ar 11% de shócmhainní seachtracha agus dliteanais sheachtracha an limistéir euro, agus is i Málta, sa Chipir, i Lucsamburg agus san Ísiltír a bhí an ról ba mhó acu.

Léigh an bhlagphostáil

Rochtain a fháil ar ár gcuid sonraí

Liosta de na hardáin agus seirbhísí go léir is féidir leat a úsáid chun rochtain a fháil ar ár bhfoinsí sonraí.

Ár seirbhísí sonraí

Anailís ar dháileadh rachmais

Mar chuid dár measúnú ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn dáileadh ioncaim agus rachmais le beartas airgeadaíochta, tá tús curtha againn le sonraí ráithiúla tráthúla maidir le dáileadh rachmais teaghlaigh a fhoilsiú, i gcomhréir leis na cuntais náisiúnta.

Eisiúint nuachta

An bhearna sna sonraí aeráide a laghdú

Tá sraith tosaigh de tháscairí a bhaineann leis an aeráid foilsithe againn chun anailís a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag athrú aeráide ar an earnáil airgeadais. Is cuid é seo de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn chun an bhearna sna sonraí aeráide a laghdú agus monatóireacht a dhéanamh ar an aistriú glas.

Táscairí a bhaineann leis an aeráid

Léargas idirghníomhach ar bhoilsciú sa limistéar euro

Cén chaoi a ndéantar boilsciú a thomhas? Céard é an difear idir boilsciú a thomhaistear agus boilsciú a bhraitear? Tá na sonraí is déanaí faoi bhoilsciú chomh maith le grafaicí idirghníomhacha agus áireamhán boilscithe le fáil anois in 23 theanga de chuid an Aontais Eorpaigh.

Déan tuilleadh iniúchta

Iarr faisnéis staitistiúil ar an mBanc Ceannais Eorpach

An bhfuil staitisticí ar leith uait ón mBanc Ceannais Eorpach? Tá polasaí saor-rochtana agus saor-athúsáide againn do na staitisticí a fhoilsímid go poiblí. Seol iarraidh chugainn agus sonraigh na staitisticí a bhfuil suim agat iontu agus tiocfaimid ar ais chugat a luaithe is féidir.

Gach leathanach sa rannóg seo