Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Meitheamh 2023

16 Meitheamh 2023

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Tuarascáil Bhliantúil TARGET 2022

Ar an 1 Meitheamh 2023 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire Tuarascáil Bhliantúil 2022 TARGET. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir le trácht agus feidhmíocht TARGET2 (T2) agus faoi na príomhfhorbairtí a tharla in 2022. Áirítear inti freisin seacht mbosca ar ábhair a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo in 2022, lena n-áirítear anailís mhionsonraithe ar thrácht agus láimhdeachas T2; forbairtí ar mhéid agus ar fheidhmiúlacht in TIPS; tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin ar thrácht T2; tionchar chinntí beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar rátaí an mhargaidh airgid a eascraíonn as sonraí T2; feabhsuithe ar uirlisí cumarsáide seirbhísí TARGET; forbhreathnú ar anailísíocht T2 le haghaidh comhlíonadh rialála; agus nuashonrú ar thionscadal comhdhlúthaithe T2/T2S agus ar sheirbhísí socraíochta comhlána fíor-ama amach anseo. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tuarascáil Bhliantúil TARGET2-Urrúis (T2S) 2022

Ar an 6 Meitheamh 2023, d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach Tuarascáil Bhliantúil T2S 2022. Cuirtear i láthair inti na forbairtí agus na hathruithe ar shonraí socraíochta T2S agus deimhníonn sé cobhsaíocht agus éifeachtúlacht oibríochtúil leanúnach T2S. Sa bhreis ar an gcroíábhar, áirítear dhá bhosca sa tuarascáil, ina gcuirtear faisnéis dhomhain ar fáil maidir le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú agus maidir leis an sásra pionóis a chur chun feidhme. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le teorainn íocaíochta airgid a mhéadú

An 30 Bealtaine 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/13 ar iarratas ó Chathaoirleach Choiste Airgeadais agus Buiséadach Chomhairle Náisiúnta Phoblacht na Slóvaice.

Tuairim BCE maidir le formhaoirseacht slándála córais ar chórais íocaíochta

An 1 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/14 ar iarratas ó Oesterreichische Nationalbank.

Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáideach

An 6 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/15 arna ullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpach as a stuaim féin.

Rialachas corparáideach

Leasuithe ar an Rialachán maidir le cumhachtaí BCE chun smachtbhannaí a fhorchur

An 25 Bealtaine 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Rialachán BCE/2023/13 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 maidir le cumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur. De réir an ghnímh dhlíthiúil athbhreithnithe, ba cheart do BCE cinneadh chun smachtbhanna a fhorchur nó faisnéis a bhaineann leis sin a fhoilsiú. De bharr na n-athruithe a tugadh isteach, tá foilsiú na smachtbhannaí arna bhforchur ag BCE i réimse a chúraimí baincéireachta ceannais comhsheasmhach leis an gcóras is infheidhme maidir le smachtbhannaí arna bhforchur i réimse na maoirseachta.

Sceideal chruinnithe Chomhairle Rialaithe agus Chomhairle Ghinearálta an Bhainc Ceannais Eorpaigh in 2024

An 26 Bealtaine 2023 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach na sceidil do chruinnithe den Chomhairle Rialaithe agus den Chomhairle Ghinearálta in 2024. Tá an clár ama ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha Banca d’Italia

Ar an 2 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2023/14 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banca d’Italia.

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Ar an 6 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2023/15 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhoibriú Idirnáisiúnta agus Eorpach

Tuarascáil maidir le ról idirnáisiúnta an euro

An 2 Meitheamh 2023, d’fhaomh an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil maidir le ról idirnáisiúnta an euro agus cheadaigh sí a foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tugtar forléargas sa tuarascáil ar na forbairtí in úsáid an euro ag cónaitheoirí taobh amuigh den limistéar euro in 2022 agus cuirfear ar fáil go luath í ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Malartú Litreacha idir BCE agus Parlaimint na hEorpa i réimse na baincéireachta ceannais

An 5 Meitheamh 2023, shínigh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Malartú Litreacha idir an dá institiúid i réimse na baincéireachta ceannais, tar éis don dá institiúid próisis formheasa inmheánaigh a thabhairt chun críche. Foilsíodh an Malartú Litreacha sin ar an dáta céanna agus tá sé ar fáil faoin rannán Cuntasachta ar shuíomh gréasáin BCE. Is é atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis, an chomhthuiscint idir an dá institiúid chun na cleachtais idirghníomhaíochta idir an Banc Ceannais Eorpach agus Parlaimint na hEorpa a struchtúrú de réir mar a d’fhorbair siad le blianta beaga anuas.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tuarascáil Bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí smachtbhannaí sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) in 2022

Ar an 30 Bealtaine 2023 d’fhoilsigh BCE an Tuarascáil Bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí smachtbhannaí sa Sásra Maoirseachta Aonair in 2022. Cuirtear i láthair sa tuarascáil staidreamh cuimsitheach maidir le gníomhaíochtaí smachtbhannaí i ndáil le sáruithe ar cheanglais stuamachta a rinne Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair in 2022. Tá an foilseachán ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Modheolaíocht an Phróisis Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa

An 31 Bealtaine 2023 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach tuairisc mhionsonraithe ar mhodheolaíocht SREP chun riosca creidmheasa ag institiúidí suntasacha a mheasúnú. Tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairliúchán poiblí maidir le cleachtais fhónta i rialachas agus i mbainistiú priacal creidmheasa contrapháirtí (CCR)

An 2 Meitheamh 2023 sheol an Banc Ceannais Eorpach comhairliúchán poiblí faoin dréacht-tuarascáil maidir le cleachtais fhónta i rialachas agus i mbainistiú CCR. Déantar achoimre sa tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe spriocdhírithe a rinneadh sa dara leath de 2022. Tá an preasráiteas gaolmhar ina bhfuil tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhlíonadh BCE le Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le húsáid Cianréiteach Ionduchtaithe Cliant

An 2 Meitheamh 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach go bhfuil sé de rún ag an mBanc Ceannais Eorpach, maidir leis na institiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le húsáid Cianréiteach Ionduchtaithe Cliant a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 (EBA/GL/2022/15) faoin 2 Deireadh Fómhair 2023.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa