Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Eanáir – Feabhra 2026

27 Feabhra 2026

Cumarsáid sheachtrach

Ráiteas tacaíochta don Chathaoirleach ar an gCúltaca Feidearálach, Jerome H. Powell

An 13 Eanáir 2026 d’fhoilsigh BCE ráiteas arna shíniú ag baincéirí ceannais ar fud an domhain, lena n-áirítear Uachtarán BCE Christine Lagarde thar ceann na Comhairle Rialaithe, inar cuireadh in iúl a ndlúthpháirtíocht iomlán leis an gCóras Cúlchiste Feidearálach agus lena Chathaoirleach Jerome H. Powell agus inar leagadh béim ar a thábhachtaí atá neamhspleáchas na mbanc ceannais mar bhunchloch don chobhsaíocht praghsanna, airgeadais agus eacnamaíoch.

Plean aeráide agus dúlra don tréimhse tar éis 2025

An 16 Eanáir 2026 d’fhoilsigh BCE preaseisiúint inar míníodh go raibh rioscaí breise a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra leabaithe aige ina chroí-obair, trí bhailchríoch a chur ar a phlean aeráide agus dúlra don tréimhse 2024-2025. D’athdhearbhaigh BCE go bhfuil rún daingean aige athléimneacht a áirithiú tríd an aeráid agus an dúlra a chomhtháthú ina chuid oibre, agus mhínigh sé go leanfadh sé de dhlús a chur leis an obair i dtrí réimse tosaíochta: aistriú chuig geilleagar glas; déileáil le tionchair fhisiceacha an athraithe aeráide ar an ngeilleagar agus ar an gcóras airgeadais – tionchair atá ag dul i méid; agus tionchar na rioscaí a bhaineann leis an dúlra agus díghrádú éiceachórais.

Comhar idir BCE agus Fondúireacht ONCE chun rochtain uilíoch ar an euro digiteach a áirithiú

An 18 Feabhra 2026 d’fhoilsigh BCE preaseisiúint inar fógraíodh comhaontú comhair le Fondúireacht ONCE um Chomhar agus Cuimsiú Sóisialta Daoine faoi Mhíchumas ar an aip euro digiteach, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag gach duine ar an aip sin, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu agus daoine fásta scothaosta. Tá faisnéis níos mionsonraithe maidir le tionscadal an euro dhigitigh le fáil i roinn thiomnaithe de shuíomh gréasáin BCE.

Oibríochtaí margaidh

Íoc cúlchistí barrachais arna sealbhú i gcuntais reatha de chuid contrapháirtithe beartais airgeadaíochta incháilithe

I mí na Nollag 2025 chinn an Chomhairle Rialaithe íoc cúlchistí barrachais a shimpliú faoi Airteagal 1(1) de Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) agus thug sí sainordú do choistí ábhartha an Eurochórais/an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais cur chun feidhme an chinnidh sin a ullmhú faoi dheireadh an chéad leath de 2026. Dá réir sin, déanfar cúlchistí barrachais arna sealbhú ag institiúidí atá incháilithe mar chontrapháirtithe in oibríochtaí airgeadaíochta an Eurochórais i gcomhréir le Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) a íoc de réir an ráta saoráide taisce i gcónaí, i.e. ní hamháin nuair a bhíonn an ráta sin diúltach. Deimhneofar an dáta cur i bhfeidhm maidir le híoc simplithe cúlchistí barrachais in éineacht le foilsiú na ngníomhartha dlí leasaithe lena gcuirtear an cinneadh chun feidhme.

Leasuithe ar ghníomhartha dlí maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme

An 22 Eanáir 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar na gníomhartha dlí lena gcuirtear chun feidhme creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais. Is iad na gníomhartha dlí leasaitheacha Treoirlíne BCE/2026/1 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme; Treoirlíne BCE/2026/2 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais; Treoirlíne BCE/2026/3 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoiniúcháin an Eurochórais agus incháilitheacht comhthaobhachta; agus Treoirlíne BCE/2026/4 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais.

Beidh feidhm ag na leasuithe a tugadh isteach ón 30 Márta 2026 agus áireofar iontu na hathruithe a shonraítear i bpreaseisiúint ghaolmhar atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE. Fógraítear sa dara preaseisiúint go nglacfar le sócmhainní indíolta arna n-eisiúint i dtaisclanna lárnacha urrús ina n-úsáidtear teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) mar chomhthaobhacht in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais ón 30 Márta 2026, agus leagtar amach inti obair thaiscéalaíoch bhreise chun incháilitheacht a leathnú chuig sócmhainní arna n-eisiúint agus arna socrú go hiomlán ar líonraí DLT. D’fhormheas an Chomhairle Rialaithe é sin freisin i gcomhthéacs an nuashonraithe bhliantúil ar na gníomhartha dlí lena ndéantar creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme.

Athbhreithniú bliantúil ar an liosta margaí neamhrialaithe is inghlactha agus ar an liosta gníomhaireachtaí aitheanta a nglactar leo i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais

An 22 Eanáir 2026 chinn an Chomhairle Rialaithe, tar éis athbhreithniú bliantúil, gan aon athrú a chur ar liosta na margaí neamhrialáilte a nglacann BCE leo. Chinn sé freisin eisitheoir amháin, Ciste na Fionlainne um Chomhar Tionsclaíoch Teoranta (Finnfund), a chur le liosta na n-eisitheoirí atá aitheanta ag BCE mar ghníomhaireachtaí atá incháilithe le bheith rannpháirteach i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais. Tá na liostaí reatha le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Saoráid fheabhsaithe athcheannaigh BCE do bhainc cheannais

An 14 Feabhra 2026 d’fhógair BCE gur chinn an Chomhairle Rialaithe feabhas a chur ar shaoráid athcheannaigh an Eurochórais do bhainc cheannais (EUREP) chun buanrochtain a thabhairt isteach, an raon geografach a mhéadú agus an tsaoráid a dhéanamh níos solúbtha agus níos éifeachtaí chun tacú le tarchur rianúil an bheartais airgeadaíochta sa limistéar euro i gcás ganntanas leachtachta euro thar lear. Faoi EUREP, cuireann an tEurochóras leachtacht chúlstop euro ar fáil do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro in aghaidh comhthaobhacht ardchaighdeáin arna hainmniú in euro, maille le maolaitheoirí riosca iomchuí. Is comhlánú é EUREP ar línte babhtála BCE, nach bhfuil aon athrú tagtha orthu. Tá preaseisiúint ghaolmhar agus leathanach Ceisteanna Coitianta le fáil ar shuíomh gréasáin BCE. Chuir Uachtarán BCE tuilleadh faisnéise ar fáil freisin in óráid a thug sí ag Comhdháil Slándála München an 14 Feabhra 2026.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Tuarascáil chomhpháirteach ó BERS/BCE maidir le rioscaí cobhsaíochta airgeadais de bharr ilroinnt gheo-eacnamaíoch

An 20 Eanáir 2026 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire tuarascáil chomhpháirteach a d’ullmhaigh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus BCE maidir le rioscaí cobhsaíochta airgeadais de bharr ilroinnt gheo-eacnamaíoch. Tá an tuarascáil, ina scrúdaítear an chaoi ar féidir le rioscaí geopholaitiúla atá ag dul i méid agus le héiginnteacht mhéadaithe difear a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro agus ar fud an Aontais agus ina sainaithnítear eochairchainéil tarchuir trínar féidir le suaití geopholaitiúla a mbealach a dhéanamh isteach sna córais airgeadais, le fáil ar shuíomhanna gréasáin BERS agus BCE, mar aon le preaseisiúint ghaolmhar.

Tuarascáil chomhpháirteach ó BERS/BCE maidir le rioscaí cobhsaíochta airgeadais de bharr naisc idir bainc agus institiúidí airgeadais neamhbhaincéireachta 

An 6 Feabhra 2026 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire tuarascáil chomhpháirteach a d’ullmhaigh BERS agus BCE maidir le rioscaí cobhsaíochta airgeadais ag eascairt as naisc idir bainc agus an earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc. Tá an tuarascáil, ina leagtar amach na príomhróil atá ag bainc maidir le hidirghníomhú le hinstitiúidí den sórt sin agus na sásraí trína bhféadfadh rioscaí sistéamacha teacht chun cinn mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin, le fáil ar shuíomhanna gréasáin BERS agus BCE, mar aon le preaseisiúint ghaolmhar.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Contrapháirtithe lárnacha sa limistéar euro (CCPanna) atá incháilithe don tsaoráid chreidmheasa CCP

An 19 Nollaig 2025 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an liosta de na CCPanna atá incháilithe don tsaoráid chreidmheasa CCP; foilsíodh liosta sin ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin BCE. Chun go bhformheasfaí iad mar eintitis atá incháilithe don tsaoráid chreidmheasa, ní mór do CCPanna na ceanglais shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid II, Airteagal 10(5) de Threoirlíne TARGET a chomhlíonadh.

Sainordú leasaithe an Bhoird um Bonneagar Margaidh agus tús a chur lena athnuachan ballraíochta

An 19 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh ECB/2025/43 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/166 maidir leis an mBord um Bonneagar Margaidh (ECB/2019/3). Leis an gCinneadh leasaitheach, tugtar isteach roinnt nuashonruithe ar Rialacha Nós Imeachta an Bhoird um Bonneagar Margaidh i bhfianaise na taithí a fuarthas ón leasú deiridh a rinneadh ar an gCinneadh, chomh maith le nuashonruithe ar an gCód Iompair dá chomhaltaí. Tugtar san áireamh ann freisin teacht i bhfeidhm Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais i mí an Mheithimh 2025. Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin tús a chur leis an nglao ar bhallraíocht nua ar an mBord um Bonneagar Margaidh (i.e. na naonúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar bhainc cheannais náisiúnta an Eurochórais agus na comhaltaí ó bhainc cheannais náisiúnta nach bhfuil sa limistéar euro, chomh maith le beirt chomhaltaí nach comhaltaí den bhanc ceannais iad) don chéad téarma eile, is é sin an 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2029.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ó BCE maidir le méadú ar cháin a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa

An 19 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/45 arna iarraidh sin do Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais agus Pinsean na Beilge, atá i gceannas ar an gCrannchur Náisiúnta agus ar na hInstitiúidí Cultúrtha Cónaidhme.

Tuairim ó BCE maidir le neamhspleáchas maoirseachta Latvijas Banka, coinbhleachtaí leasa a chosc, agus cúraimí réitigh árachais agus staidrimh Latvijas Banka

An 8 Eanáir 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/1 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Laitvia.

Tuairim ó BCE maidir le neamhspleáchas maoirseachta Banque nationale de Belgique/Nationale Bank van België, coinbhleachtaí leasa i measc a bhall foirne agus comhlachtaí rialachais a chosc, stiúrthóirí neamhspleácha agus cinntí straitéiseacha institiúidí creidmheasa

An 19 Eanáir 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/2 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais na Beilge.

Tuairim ó BCE maidir le teorainneacha ar íocaíochtaí in airgead tirim

An 22 Eanáir 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/3 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais na hÍsiltíre.

Tuairim ó BCE maidir leis na ceanglais maidir le cúlchistí íosta Magyar Nemzeti Bank

An 27 Eanáir 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/4 arna iarraidh sin do Magyar Nemzeti Bank.

Tuairim ó BCE maidir le ról macrastuamachta Sveriges Riksbank agus maidir le bearta macrastuamachta áirithe

An 6 Feabhra 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/5 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Sualainne.

Rialachas corparáideach

Moladh ó BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Banka Slovenije

An 19 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/42 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banka Slovenije.

Leasuithe ar Choinníollacha Fostaíochta fhoireann BCE

An 19 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe dhá Chinneadh lena leasaítear Coinníollacha Fostaíochta Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus na Coinníollacha Fostaíochta Gearrthéarmaí. Leis an gcéad Chinneadh leasaitheach, i dtaca le comhaid phearsanta agus leighis agus sochair éagumais, feabhsaítear an chosaint sonraí a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí leighis fhoireann BCE agus áirithítear soiléireacht agus ailíniú le creat dlíthiúil an Aontais agus le sprid Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, trína gcuirtear “liúntas éagumais” in ionad an téarma reatha “liúntas míchumais”. Leis an dara Cinneadh leasaitheach, feabhsaítear rialacha agus próisis BCE maidir le tuairisciú, imscrúdú agus obair leantach araíonachta i ndáil le sáruithe ar dhualgais ghairmiúla, agus béim ar leith á leagan ar aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar shaincheisteanna iompraíochta san ionad oibre. Tá an leagan is déanaí de Choinníollacha Fostaíochta Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Cuntais Bhliantúla BCE, 2025

An 25 Feabhra 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráitis airgeadais iniúchta BCE don bhliain airgeadais 2025. Tá na cuntais bhliantúla, chomh maith le preasráiteas, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Tuairim ó Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar mholadh ón gComhairle maidir le Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh

An 25 Feabhra 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/6 arna iarraidh sin d’Uachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil freisin ar shuíomh gréasáin BCE.

Rúnaí Gníomhach don Bheartas Airgeadaíochta a cheapadh ar an gComhairle Rialaithe

An 25 Feabhra 2026 cheap an Chomhairle Rialaithe Christophe Kamps, Leas-Ardstiúrthóir in Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Airgeadaíochta in BCE, mar Rúnaí Gníomhach don bheartas airgeadaíochta le héifeacht ón 1 Márta 2026, go dtí go gceapfar Ard-Stiúrthóir nua don Bheartas Airgeadaíochta chun teacht i gcomharbas ar Massimo Rostagno, atá le dul ar scor ag deireadh mhí Feabhra 2026. Chuir an Chomhairle Rialaithe a buíochas in iúl do Massimo Rostagno as a thiomantas gan staonadh agus as gach a ndearna sé ar mhaithe le beartas airgeadaíochta BCE sna blianta fada a chaith sé i mbun seirbhíse.

Staidreamh

Tuarascáil bhliantúil 2024 maidir le rúndacht na faisnéise staidrimh aonair arna bailiú ag BCE a chosaint, le cabhair ó na bainc cheannais náisiúnta

An 30 Nollaig 2025 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, agus í ag tarraingt ar bharúlacha ó chomhaltaí na Comhairle Ginearálta, tuarascáil 2024 dar teideal “Statistical confidentiality protection in the European System of Central Banks (ESCB)” [Cosaint rúndachta staidrimh sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC)] agus d’údaraigh sí an tuarascáil a fhoilsiú. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin BCE agus ar shuíomhanna gréasáin na mbanc ceannais náisiúnta a chinn freisin í a fhoilsiú.

Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach

Tosaíochtaí na Comhairle Rialaithe do bheartais struchtúracha na hEorpa

An 5 Feabhra 2026 phléigh comhaltaí na Comhairle Rialaithe na réimsí tosaíochta ar cheart don Eoraip díriú orthu chun go mbeidh geilleagar na hEorpa níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos athléimní. Tháinig an Chomhairle Rialaithe ar chomhaontú maidir leis an liosta tosaíochtaí seo a leanas: (i) aontas coigiltis agus infheistíochta; (ii) euro digiteach agus airgead bainc ceannais mórdhíola ceadchomharthaithe; (iii) Margadh Aonair an Aontais a dhoimhniú; (iv) an nuálaíocht a chothú agus uathriail straitéiseach oscailte a chosaint; agus (v) an reachtaíocht a shimpliú agus an croíchreat institiúideach a neartú. Cuireadh an liosta in iúl d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus do cheannairí an Aontais roimh an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu an 12 Feabhra 2026.

Maoirseacht baincéireachta BCE

Tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh maidir le cumaisc, deighiltí agus éadálacha sealúchas ábhartha

An 13 Feabhra 2026 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go nglacfaí Cinneadh BCE/2026/5 maidir le tarmligean na cumhachta cinntí a ghlacadh maidir le cumaisc, deighiltí agus éadálacha sealúchas ábhartha. Foilseofar an Cinneadh amach anseo ar EUR-Lex.

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla forchurtha ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 13 Feabhra 2026 d’fhógair BCE go raibh íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla €7,551,050 forchurtha aige ar Crédit Agricole, S.A. as neamhchomhlíonadh ceann de cheanglais chinneadh BCE an 8 Feabhra 2024 ina leagtar amach, i measc nithe eile, an ceanglas atá ar an mbanc measúnú ábharthachta a dhéanamh ar na rioscaí dá chuid a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Tá preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Pionóis riaracháin arna bhforchur ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 19 Feabhra 2026 d’fhógair BCE go raibh dhá phionós riaracháin dar luach €12,180,000 san iomlán forchurtha aige ar J.P. Morgan SE as sócmhainní ualaithe ó thaobh riosca arna ríomh go mícheart a thuairisciú. Tá preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa