Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tá rátaí úis laghdaithe againn. Cén fáth a ndearnamar é agus cad a chiallaíonn sé sin duitse?

6 Meitheamh 2024

Níl praghsanna ag ardú chomh tapa sin a thuilleadh, agus tá boilsciú ar an mbóthar ceart chun filleadh ar ár sprioc 2%. Mar thoradh air sin, rinne an Chomhairle Rialaithe rátaí úis a laghdú le déanaí, tar éis di iad a choinneáil ar leibhéil arda ar feadh naoi mí.

Cén fáth ar laghdaíomar rátaí úis?

Is sinne an banc ceannais don euro, agus is é an sainordú atá againn praghsanna a choimeád cobhsaí. Nuair a bhí boilsciú ró-ard – is é sin, nuair a bhí praghsanna inár ngeilleagar ag ardú róthapa – d’ardaíomar rátaí úis chun cabhrú le boilsciú a thabhairt anuas arís. Thosaíomar ag ardú rátaí i mí Iúil 2022 agus leanamar orainn á n-ardú go dtí mí Mheán Fómhair 2023.

Is é an sprioc atá againn boilsciú a choinneáil ag 2% thar an meántéarma. Ó tharla go bhfuil boilsciú ag druidim níos gaire don sprioc sin, ní gá dúinn rátaí úis a choinneáil chomh hard sin a thuilleadh.

Coinneoimid, áfach, rátaí ar leibhéil lena n-áiritheofar go bhfillfidh boilsciú ar 2% in am trátha agus nach mbeidh sé ‘‘sáinnithe’’ ar leibhéal níos airde. Tá sé seo an-tábhachtach, mar déanann boilsciú ard an saol deacair ar dhaoine agus ar ghnólachtaí.

Cad is rátaí úis ann?

Is ionann rátaí úis agus an costas atá ar airgead a fháil ar iasacht (deirtear uaireanta gurb iad rátaí úis ‘‘an praghas a bhíonn ar airgead’’). Mar shampla, chun iasacht a fháil ó bhanc, ní foláir teacht ar chomhaontú maidir leis an méid úis a íocfaidh tú, a thaispeántar mar ráta bliantúil de ghnáth. Abraimis go bhfaigheann tú €10,000 ar iasacht ag ráta bliantúil 5%. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ort €500 a íoc leis an mbanc in aghaidh na bliana, chomh maith leis an iasacht a íoc ar ais. Mar sin, is é an ráta úis an méid a ghearrann an banc ort as airgead a thabhairt ar iasacht duit.

Ach tá an rud céanna i gceist le coigilteas freisin. Is ionann ús agus an t-airgead a íocann an banc leat ar do choigilteas, i.e. nuair a fhaigheann an banc airgead “ar iasacht” uait. Mar shampla, má chuireann tú €1,000 isteach i gcuntas coigiltis ag ráta bliantúil 3%, gheobhaidh tú €30 mar ús ag deireadh na bliana.

Cén fáth a mbíonn rátaí úis ag athrú?

Bíonn tionchar mór ag na rátaí a shocraíonn an Banc Ceannais Eorpach ar na rátaí úis a thairgeann bainc do dhaoine agus do ghnólachtaí. Dá bhrí sin, nuair a athraíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis, is sa treo céanna a bhogann na rátaí úis ar iasachtaí agus ar choigiltis de ghnáth.

Ach bíonn tionchar ag an éileamh ar chreidmheas agus ag an soláthar creidmheasa ar rátaí iasachta agus coigiltis freisin: is é sin le rá, an méid airgid is mian le gnólachtaí agus le daoine a chaitheamh, a infheistiú, agus an méid creidmheasa atá ar fáil.

Oibríonn margaí le haghaidh earraí agus seirbhísí eile ar an gcaoi chéanna. Mar shampla, má bhíonn go leor daoine ag iarraidh sútha talún a cheannach, agus gan mórán ar fáil (mar gheall ar an séasúr), imíonn an praghas atá orthu in airde.

Ar an gcaoi chéanna: nuair a bhíonn fonn ar ghnólachtaí agus ar dhaoine airgead a chaitheamh agus infheistíocht a dhéanamh, ach nach féidir leo a ndóthain creidmheasa a fháil go héasca chun é sin a dhéanamh, is gnách go dtagann méadú ar rátaí úis. Éiríonn sé níos costasaí airgead a fháil ar iasacht. Os a choinne sin, nuair a bhíonn daoine agus cuideachtaí ag sábháil go leor airgid sa bhanc, is gnách go dtagann laghdú ar rátaí úis.

Is é an Banc Ceannais Eorpach an banc ceannais don euro. Ní shocraímid na rátaí úis a íocann tú ar d’iasacht nó a fhaigheann tú ar d’éarlais. Ach is féidir linn tionchar a imirt orthu mar sin féin. 

Socraímid na heochair-rátaí úis nó ‘‘rátaí beartais’’. Is iad sin na rátaí a chuirimid ar fáil do bhainc ar mian leo iasachtaí a fháil uainn agus don airgead leictreonach a choimeádann siad linn thar oíche.

Nuair a athraímid ár n-eochair-rátaí úis, bíonn tionchar aige ar an ngeilleagar ina iomláine, lena n-áirítear na rátaí i gcomhair morgáistí, iasachtaí bainc, nó taiscí bainc.

Déanann Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh cinntí maidir leis na heochair-rátaí úis sin thart ar gach sé seachtaine.

Cén tionchar a bhíonn ag eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar bhoilsciú?

Má bhíonn an boilsciú ró-ard, is féidir linn rátaí a ardú chun creidmheas a dhéanamh níos costasaí. Déanfaidh sé sin an geilleagar a mhaolú, ionchais maidir le boilsciú a laghdú agus boilsciú a thabhairt anuas.

Má bhíonn an boilsciú ró-íseal, is féidir linn rátaí úis a ísliú agus creidmheas a dhéanamh níos saoire chun borradh a chur faoin infheistíocht agus faoin gcaiteachas, rud a ardaíonn boilsciú.

Le blianta beaga anuas, bhí an boilsciú ró-ard. Tháinig méadú mór ar phraghsanna, go háirithe ar phraghsanna fuinnimh agus bia. Cúis amháin leis sin ab ea ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cúis eile ab ea an deacracht bhreise a bhí ag gnólachtaí teacht ar na hábhair, na páirteanna spártha agus na hoibrithe atá ag teastáil le haghaidh táirgeadh, rud a chuir in olcas na fadhbanna a bhí ann cheana mar thoradh ar an bpaindéim.

Coinnítear ionchais maidir le boilsciú faoi smacht freisin trí úsáid chinntitheach a bhaint as rátaí úis

Chuidigh na harduithe a chuireamar ar rátaí úis le boilsciú a thabhairt anuas arís trí éileamh a mhaolú agus trí theachtaireacht a chur amach go bhfuil sé de rún daingean againn a áirithiú go bhfilleann boilsciú ar ár sprioc 2%.

Tá sé tábhachtach go gcoinníonn na bainc cheannais súil ghéar ar an méid a cheapann daoine agus gnólachtaí a ardóidh praghsanna amach anseo – is é sin le rá, ionchais maidir le boilsciú. Má chreideann daoine go mairfidh boilsciú ard, is dóichí go n-iarrfaidh siad pá níos airde, agus d'fhéadfadh cuideachtaí praghsanna a mhéadú chun a mbrabúis a chosaint. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh ardú praghsanna agus pá a bheith ina thoradh ar ionchais arda bhoilscithe. Ní ligfimid dó sin tarlú.

Trí rátaí úis a choigeartú nuair a bhíonn an boilsciú ró-ard nó ró-íseal, tugaimid muinín do ghnólachtaí, d’oibrithe agus d’infheisteoirí go mbeidh boilsciú ag 2% thar an meántéarma. Cuidíonn an gealltanas sin – agus gníomhaíocht mar thaca leis – le hionchais a dhaingniú go gcoinneofar cobhsaíocht praghsanna ar bun. Is cúis é freisin gur féidir linn rátaí úis a laghdú go sábháilte anois.