Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An maith leatsa cobhsaíocht freisin?

Is cobhsaíocht a bhaint amach an cúram is tábhachtaí atá orainn

Sa Bhanc Ceannais Eorpach, is praghsanna a chobhsú agus bainc a choinneáil slán an obair a bhíonn ar siúl againn duitse. Mar teastaíonn cobhsaíocht ó gach duine. Agus nuair a bhíonn cobhsaíocht ann, bíonn sé níos éasca do thodhchaí a leagan amach ar an mbealach is mian leat.

Is leatsa BCE, agus táimidne ag obair ar son do euro agus do thodhchaí. Tá ár scagairí Instagram féin cruthaithe againn, lena n-áirítear “Mint your coin”, rud a fhágann go bhfuil tú in ann d’éadan féin a úsáid ar an euro.

Agus d’oibrigh cuid dár gcomhghleacaithe in BCE, na daoine taobh thiar den euro, go deonach chun míniú a thabhairt ar an méid atá i gceist le cobhsaíocht dóibhsean.

Féach ar ár leathanach Instagram agus foghlaim tuilleadh

Cuir eolas ar roinnt den fhoireann atá againn agus faigh amach an t-údar a bhfuil cobhsaíocht chomh tábhachtach sin dóibh

Beatriz, Comhordaitheoir Próiseas Gnó an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS)

Cabhraím le dul i ngleic le rioscaí don chóras airgeadais agus iad a chosc trí fhoilsiú doiciméad agus tuarascálacha a chomhordú. Táim ag obair ar mhaithe le cobhsaíocht gach aon lá. Tugann sé mórtas muintearais dom agus táim bródúil as cur le misean atá ábhartha do shaol laethúil gach duine againn.

Josip, Saineolaí TF um Maoirseacht Baincéireachta BCE

Tugaimse aire do chórais TF a úsáideann ár maoirseoirí baincéireachta chun sláinte na mbanc Eorpach a sheiceáil. Trína chinntiú go bhfuil ár gcórais ag obair go rianúil agus go hiontaofa, táim ag tacú le córas cobhsaí airgeadais agus le hEoraip chobhsaí dúinn go léir.

Emma, Cúntóir Sinsearach Bainistíochta i bhFoireann Cumarsáide BCE

Méadaím feasacht ar thiomantas BCE don chobhsaíocht trí thionscadail chumarsáide phoiblí ar nós an fheachtais seo. B’fhéidir go bhfeicfeá mé san Ionad Cuairteoirí freisin nuair a thugann tú cuairt orainn. Toisc go bhfuil mé ag déileáil le cúraimí éagsúla, tá cobhsaíocht riachtanach dom.

Tusa anois: bí ag caint linn ar na meáin shóisialta!

Anois agus tuiscint agat ar an údar go bhfuil cúram orainn i leith na cobhsaíochta, déan tástáil ar cé chomh maith is atá do bhoinn euro ar eolas agat, cuir d’éadan féin ar cheann nó faigh amach an bhfuil cobhsaíocht tábhachtach duitse freisin!  

Cruthaigh do bhonn fíorúil euro féin

Ar smaoinigh tú riamh cén chuma a bheadh ar d’éadan ar an mbonn €1? Faigh amach tríd an scagaire Instagram “Mint your coin” a oscailt agus tosú ag taifeadadh. Beidh d’éadan frámaithe ag bonn euro. Bíodh d’éadan ar an euro agat!

Oscail an scagaire “Mint your coin” ar Instagram

An bhfuil do bhoinn euro ar eolas agat? Bain triail as ár scagaire Instagram ‘'Coin quiz’'

Oscail an scagaire Instagram “Coin quiz” agus feicfidh tú íomhá de bhonn euro ag rothlú ar bharr do chinn. Nuair a stopann sé, beidh cúpla soicid agat chun buille faoi thuairim a thabhairt cé as é. Tiocfaidh an freagra ceart aníos ar do scáileán. Féach cé mhéad is féidir leat a aithint i gceart!

Oscail an scagaire “Coin quiz” ar Instagram

An bhfuil tú réidh chun tabhairt faoin dúshlán cobhsaíochta?

Cibé céard a tharlaíonn, coinnigh an euro cothrom ar do cheann! Nuair a osclaíonn tú an scagaire Instagram “Stability challenge” beidh siombail euro 3D le feiceáil ar do cheann. Agus tú ag iarraidh é a choinneáil socair, déanfaidh ainmhithe iarracht a chinntiú go dteipeann ort.

Oscail an scagaire “stability challenge” ar Instagram

Rud éigin eile nár cheart duit a chailiúint


An bhfuil tú fiosrach mar gheall ar an scéal taobh thiar de na hainmhithe inár scagaire ‘'stability challenge’'?

Éist lenár bpodchraoladh faoi ainmhithe i saol na baincéireachta ceannais.

Siúlóid timpeall pháirc fiadhúlra na baincéireachta ceannais!
Cé mhéad atá ar eolas agat faoi BCE agus faoin méid a dhéanaimid?

Tabhair dúshlán duit féin lenár dtráth na gceist agus féach cé mhéad freagra a gheobhaidh tú i gceart!

Imir anois!
Tabhair cuairt orainn

Féach ar ár n-ionad cuairteoirí nó lean cur i láthair nó léacht ar líne — ó chompord do thí féin.

Faigh amach conas turas treoraithe a chur in áirithe