Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Nollaig 2023

15 Nollaig 2023

Oibríochtaí margaidh

Athbhreithniú ar chreataí éileamh creidmheasa breise (ACC)

An 30 Samhain 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe scor d’urrúis fiachais gearrthéarmacha a úsáid mar chomhthaobhacht faoin Treoirlíne maidir le bearta comhthaobhachta, chomh maith le roinnt gnéithe ar leith faoin gcreat éileamh creidmheasa breise (ACC), le tionchar an-teoranta. Déanfaidh na bainc cheannais náisiúnta na contapháirtithe dá ndéantar difear a chur ar an eolas maidir leis na sonraí. D’fhormheas an Chomhairle Rialaithe freisin an tairseach íosmhéide €25,000 d’éilimh chreidmheasa a nglactar leo le húsáid mar chomhthaobhacht a thabhairt ar ais. Ar deireadh, chinn an Chomhairle Rialaithe síneadh a chur le bailíocht na gcreataí ACC leis na gnéithe díobh a bhí fanta, go dtí deireadh 2024 ar a laghad, agus sa chomhthéacs seo, mheabhraigh sí go bhfógrófaí aon athrú a chuirfí i bhfeidhm amach anseo le haga tionscanta leordhóthanach. Tá a lánrogha i gcónaí ag na Bainc Cheannais Náisiúnta deireadh a chur níos luaithe lena gcreataí ACC uile, nó le cuid díobh, níos luaithe. I gcomhthéacs uasdátú 2024 ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme, go háirithe an t-uasdátú ar an Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta agus an Treoirlíne maidir le bearta sealadacha comhthaobhachta, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na leasuithe dlíthiúla a bhfuil gá leo de bharr na n-athruithe seo, agus rachaidh siad i bhfeidhm a luaithe a ghlactar na gníomhartha dlí i gceist go foirmeálta le linn 2024.

Athinfheistíochtaí faoin gclár ceannaithe le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

An 14 Nollaig 2023 d’fhógair an Banc Ceannais Eorpach go bhfuil sé de rún aige leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime, le linn an chéad leath de 2024. Le linn an dara leath den bhliain, tá sé ar intinn aici an phunann CCÉP a laghdú €7.5 billiún in aghaidh na míosa ar an meán. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Bhoird um Bonneagar Margaidh (MIB)

An 07 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2023/37 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/166 maidir leis an mBord um Bonneagar Margaidh. Bhí gá le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta MIB i bhfianaise na taithí a fuarthas ó bunaíodh in 2016 é.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir leis an bhféidearthacht ceannach réadmhaoine le hairgead tirim a eisiamh agus dídhreasachtaí cánach a mhéadú maidir le húsáid airgid thirim

An 06 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/39 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na Gréige.

Tuairim BCE maidir leis an oibleagáid atá ar fhiontair glacadh le híocaíocht in airgead tirim ó thomhaltóirí

An 08 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/40 ar iarratas ó Leas-Phríomh-Aire agus Aire Geilleagair agus Saothair na Beilge.

Tuairim BCE maidir le dliteanas Banca d’Italia agus chomhaltaí a chomhlachtaí cinnteoireachta agus a fhoirne, agus i ndáil leis na rialacha marana is infheidhme maidir le comhaltaí a chomhlachtaí bainistíochta agus a ardbhainisteoirí

An 08 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/41 ar iarratas ó Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile.

Tuairim BCE maidir le táille cosanta d’iasachtaí iasachta morgáiste sealadaí atá iníoctha ag institiúidí creidmheasa

An 11 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/42 ar iarratas ó Choiste Cáinaisnéise agus Airgeadais (Cánachas) Pharlaimint na Laitvia.

Tuairim BCE ar shlánú íocaíochtaí airgid thirim sa Liotuáin

An 12 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/43 ar iarratas ó Chathaoirleach Choiste Cáinaisnéise agus Airgeadais Pharlaimint na Liotuáine.

Rialachas corparáideach

Leasuithe ar an gcreat aisíocaíochta le haghaidh institiúidí SMA maidir le húsáid sheirbhísí CEBC

An 04 Nollaig 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar chreat aisíocaíochta an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) le haghaidh institiúidí an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA) a úsáideann seirbhísí CEBC, lena n-áirítear athruithe ar liosta na dtacar sonraí staidrimh arna mbainistiú ag an Eurochóras/ag Coiste Staidrimh CEBC (STC) agus leasú lena soiléirítear, sa chás go mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis an úsáid a bhaineann údarás inniúil as seirbhísí CEBC, nach mór don údarás inniúil an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme a chomhlíonadh agus na socruithe dlíthiúla riachtanacha a dhéanamh. Dá réir sin, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh ECB/2023/30 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1981 maidir le húsáid sheirbhísí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais ag údaráis inniúla agus Cinneadh ECB/2023/29 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1982 maidir le húsáid sheirbhísí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais ag údaráis inniúla agus ag údaráis chomhoibritheacha. I gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, bhí baint chuí ag an mBord Maoirseachta sa phróiseas formheasa.

Caipiteal BCE – coigeartú cúig bliana ar an treoir suibscríofa

An 07 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe na cúig chinneadh seo a leanas i dtaca leis an athbhreithniú cúig bliana ar an treoir le haghaidh shuibscríobh caipitil BCE:

  • Cinneadh BCE/2023/31 maidir le céatadáin scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta sa scála le haghaidh shuibscríobh caipitil an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/137;
  • Cinneadh BCE/2023/32 maidir le caipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh d’íoc ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/138;
  • Cinneadh BCE/2023/33 lena leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha maidir le scairchaipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh a aistriú idir na bainc cheannais náisiúnta agus maidir leis an gcaipiteal íoctha a choigeartú agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/139;
  • Cinneadh BCE/2023/34 lena leagtar síos na bearta is gá chun an ranníocaíocht le luach cothromais carntha an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus chun éilimh na mbanc ceannais náisiúnta atá coibhéiseach leis na cúlchistí eachtracha aistrithe a choigeartú agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/140;
  • Cinneadh BCE/2023/35 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 maidir le nótaí bainc euro a eisiúint.

An 07 Nollaig 2023 ghlac an Chomhairle Ghinearálta Cinneadh BCE/2023/36 maidir le caipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh d’íoc ag bainc cheannais náisiúnta nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/136.

Foilseofar na cinntí in am trátha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus foilseolfar preasráiteas gaolmhar ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Rachaidh na hathruithe uile in éifeacht an 01 Eanáir 2024.

I gcomhréir le hAirteagal 29.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, déanfar na hualuithe a shanntar do na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) sa treoir le haghaidh shuibscríobh caipitil BCE a choigeartú gach cúig bliana. Coigeartaítear iad uair ar bith a thagann athrú ar an líon BCNanna atá ag cur le caipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh freisin.

Thug an Chomhairle Rialaithe dá haire freisin nach bhfuil tionchar ar bith ag an gcoigeartú ar na hualuithe coibhneasta, a rialaíonn freisin comhdhéanamh an dá ghrúpa dá leithdháiltear gobharnóirí BCN de réir chóras rothlaithe ceart vótála an Eurochórais, ar leithdháileadh na ngobharnóirí ina ngrúpaí, ná ar rothlú na gceart vótála.

Banc ceannais is óstach ar Oifig um Chomhordú Soláthair an Eurochórais (EPCO) ó 2025 go 2029

An 07 Nollaig 2023 d’ainmnigh an Chomhairle Rialaithe Banque centrale du Luxembourg chun Oifig um Chomhordú Soláthair an Eurochórais (EPCO) a óstáil ó 2025 go 2029, i ndiaidh measúnú dearfach a dhéanamh ar an togra gnó a rinne Banque centrale du Luxembourg. Déanann EPCO comhsholáthair earraí agus seirbhísí atá riachtanach i gcomhair fheidhmíocht tascanna an Eurochórais a shainaithint, a mheas agus a chomhordú, d’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht costais a uasmhéadú.

Staidreamh

Comhairliúchán poiblí maidir le dréacht-rialachán BCE lena n-athmhúnlaítear Rialachán (AE) 1073/2013 maidir le staidreamh ar shócmhainní agus dliteanais cistí infheistíochta (BCE/2013/38)

An 30 Samhain 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe seoladh comhairliúcháin phoiblí maidir le dréacht-rialachán BCE lena n-athmhúnlaítear Rialachán (AE) Uimh. 1073/2013 maidir le staidreamh ar shócmhainní agus dliteanais cistí infheistíochta. D’eascair an dréachtrialachán athmhúnlaithe atá beartaithe ó thorthaí rialacháin ó athbhreithniú tréimhsiúil, arb é is aidhm dó a chinntiú go gcomhlánaíonn an fhaisnéis staidrimh ar chistí infheistíochta riachtanais úsáideoirí agus go bhfuil sí oiriúnach dá feidhm. Déantar athbhreithnithe tréimhsiúla thar thréimhsí nach giorra ná cúig bliana le cobhsaíocht na gceanglas tuairiscithe a chinntiú. Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl ó mhí na Nollag 2023 go Feabhra 2024 agus, tar éis don Chomhairle Rialaithe an dréacht-rialachán a ghlacadh go foirmeálta go luath in 2024, táthar ag súil go dtosóidh an tuairisciú ar an staidreamh nua don Bhanc Ceannais Eorpach i mí Lúnasa 2025. Foilseofar an t-ábhar a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh Dé Luain, an 18 Nollaig 2023.

Tuarascálacha cáilíochta sonraí staidrimh 2022

An 07 Nollaig 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú thuarascáil cháilíochta 2022 maidir le staidreamh airgeadaíochta agus airgeadais an limistéir euro. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil seo, a ullmhaíodh i ndlúthchomhar le STC, maidir le cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a bhailigh, a thiomsaigh agus a scaip an Banc Ceannais Eorpach le cúnamh na mbanc ceannais náisiúnta sa limistéar euro agus is cuid de Chreat Cáilíochta Staidrimh BCE í. Foilseofar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh Dé Luain, an 18 Nollaig 2023.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Comhlíonadh Threoirlínte ÚBE maidir le hacmhainneacht fhoriomlán téarnaimh i bpleanáil téarnaimh

An 05 Nollaig 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonadh an Banc Ceannais Eorpach Treoirlínte ÚBE maidir le hacmhainneacht fhoriomlán téarnaimh i bpleanáil téarnaimh (ÚBE/GL/2023/06) amhail an 11 Nollaig 2023. Tugann na Treoirlínte treoraíocht d’údaráis inniúla maidir le conas measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht téarnaimh cás-sonrach agus toimhdí institiúidí creidmheasa a cheistiú, chomh maith le conas scór acmhainneachta foriomlán téarnaimh (ORC) a thabhairt agus sásúlacht ORC institiúide a dhéanamh amach.

Tosaíochtaí maoirseachta SMA 2024-2026

An 07 Nollaig 2023 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta an cháipéis dar teideal ‘‘Maoirseacht Baincéireachta BCE: Tosaíochtaí maoirseachta SMA don tréimhse 2024-2026’’ a fhoilsiú. Foilseofar an cháipéis seo, lena sonraítear straitéis Mhaoirseacht Baincéireachta BCE go ceann trí bliana, ar shuíomh gréasáin Mhaoirseacht baincéireachta BCE Dé Máirt, an 19 Nollaig 2023.

Torthaí an Phróisis Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) do 2023

An 07 Nollaig 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta torthaí a SREP do 2023 a fhoilsiú. Foilseofar preasráiteas agus an tuarascáil ghaolmhar ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh Dé Máirt, an 19 Nollaig 2023.

Modheolaíochtaí SREP maidir le riosca creidmheasa agus riosca margaidh athbhreithnithe

An 08 Nollaig 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón Bord Maoirseachta chun cáipéisí athbhreithnithe a fhoilsiú ina gcuirtear na modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa agus an riosca margaidh d’institiúidí suntasacha mar chuid de SREP i láthair. Foilseofar an dá cháipéis ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh Dé Máirt, an 19 Nollaig 2023.

Treoir ar thuairisciú ilchuideachtaí airgeadais ar chomhchruinnithe riosca suntasacha agus idirbhearta inghrúpa

An 11 Nollaig 2023 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Bainistíochta chun Treoir dheiridh BCE maidir le tuairisciú ilchuideachtaí airgeadais ar chomhchruinnithe riosca suntasacha agus idirbhearta inghrúpa a fhoilsiú, chomh maith leis an ráiteas aiseolais ina leagtar amach cén chaoi ar fhreagair an Banc Ceannais Eorpach na barúlacha a fuair sé le linn an chomhairliúcháin phoiblí ghaolmhair. Foilseofar an treoir agus an ráiteas aiseolais ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh Dé Céadaoin, an 10 Eanáir 2024.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa