Ár gcuid airgid
Seoladh an euro an 1 Eanáir 1999 agus é ina airgeadra do níos mó ná 300 milliún duine san Eoraip. Sna chéad trí bliana, b’airgeadra dofheicthe é, agus níor baineadh úsáid as ach chun críocha cuntasaíochta amháin e.g. in íocaíochtaí leictreonacha. Níor tugadh airgead tirim euro isteach go dtí an 1 Eanáir 2002. Tógadh isteach é ag rátaí seasta comhshó in ionad airgeadraí náisiúnta amhail franc na Beilge agus deutschmark na Gearmáine.
Sa lá atá inniu ann, is dlíthairiscint iad nótaí bainc agus boinn euro i 19 mBallstát de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na ranna, na críocha agus na hoileáin thar lear atá ina gcuid de thíortha an limistéir euro nó a bhfuil baint acu leo. Glaoitear an limistéar euro ar na tíortha sin. Úsáideann micreastáit Andóra, Mhonacó, San Mairíne agus Chathair na Vatacáine an euro freisin ar bhonn socrú foirmiúil leis an gComhphobal Eorpach. Baineann Montainéagró agus an Chosaiv úsáid as an euro freisin, ach gan socrú foirmiúil. Déanann thart ar 350 milliún duine íocaíochtaí airgid thirim san airgeadra céanna anois — is siombail inláimhsithe de lánpháirtiú na hEorpa iad nótaí bainc agus boinn euro sa lá atá inniu ann.
Bítear ag súil go nglacfaidh gach tír san Aontas Eorpach páirt san aontas airgeadaíochta agus go dtabharfaidh siad an euro isteach a luaithe a chomhlíonfaidh siad na critéir um chóineasú. Ní áirítear an Danmhairg leis sin toisc go bhfuil rogha an diúltaithe aici.
Léarscáil idirghníomhach den limistéar euro
Bain úsáid as an léarscáil idirghníomhach seo agus as na táblaí thíos le féachaint cé na tíortha san Aontas Eorpach atá mar chuid den limistéar euro, agus cén uair a thosaigh siad ag úsáid an euro.
Roghnaigh tír, le do thoil
An Ostair
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1995
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Bheilg
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Bhulgáir
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2007
An Chipir
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Euro ó 2008
Poblacht na Seice
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Ghearmáin
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Danmhairg
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1973
An Eastóin
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Euro ó 2011
An Spáinn
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1986
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Fhionlainn
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1995
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Fhrainc
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Ghréig
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1981
An Euro ó 2001 (airgead tirim ó 2002)
An Chróit
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2013
An Ungáir
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
Éire
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1973
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Iodáil
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Liotuáin
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Euro ó 2015
Lucsamburg
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Laitvia
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Euro ó 2014
Monacó
Tír nach Ballstát den Aontas Eorpach í
Málta
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Euro ó 2008
An Ísiltír
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh in 1957
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Pholainn
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Phortaingéil
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1986
An Euro ó 1999 (airgead tirim ó 2002)
An Rómáin
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2007
An tSualainn
Ballstát AE nach n-úsáideann an euro
Ballstát AE ó 1995
An tSlóivéin
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Euro ó 2007
An tSlóvaic
Ballstát AE a úsáideann an euro
Ballstát AE ó 2004
An Euro ó 2009
San Mairíne
Tír nach Ballstát den Aontas Eorpach í
Baill den Aontas Eorpach agus den limistéar euro
Tír | Bliain iontrála san Aontas Eorpach | Bliain a glacadh an euro |
---|---|---|
An Ostair | 1995 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Bheilg | 1957 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Chipir | 2004 | 2008 |
An Eastóin | 2004 | 2011 |
An Fhionlainn | 1995 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Fhrainc | 1957 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Ghearmáin | 1957 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Ghréig | 1981 | 2001 (airgead tirim ó 2002) |
Éire | 1973 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Iodáil | 1957 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Laitvia | 2004 | 2014 |
An Liotuáin | 2004 | 2015 |
Lucsamburg | 1957 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
Málta | 2004 | 2008 |
An Ísiltír | 1957 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An Phortaingéil | 1986 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
An tSlóvaic | 2004 | 2009 |
An tSlóivéin | 2004 | 2007 |
An Spáinn | 1986 | 1999 (airgead tirim ó 2002) |
Tír | Bliain iontrála san Aontas Eorpach |
---|---|
An Bhulgáir | 2007 |
An Chróit | 2013 |
Poblacht na Seice | 2004 |
An Danmhairg | 1973 |
An Ungáir | 2004 |
An Pholainn | 2004 |
An Rómáin | 2007 |
An tSualainn | 1995 |
Ní raibh an euro in úsáid ag an Ríocht Aontaithe, a bhí ina ball den Aontas Eorpach ó 1973 go 2020.
Rátaí comhshó seasta euro
EUR | Airgeadra |
---|---|
1 | BEF 40.3399 (Franc na Beilge) |
1 | DEM 1.95583 (Mark na Gearmáine) |
1 | EEK 15.6466 (Kroon na hEastóine) |
1 | IEP 0.787564 (An Punt Éireannach) |
1 | GRD 340.750 (Drachma) |
1 | ESP 166.386 (Peseta na Spáinne) |
1 | CYP 0.585274 (Punt na Cipire) |
1 | FRF 6.55957 (Franc na Fraince) |
1 | ITL 1936.27 (Lira na hIodála) |
1 | LVL 0.702804 (Lats) |
1 | LTL 3.45280 (Litas) |
1 | LUF 40.3399 (Franc Lucsamburg) |
1 | MTL 0.429300 (Lira Mhálta) |
1 | NLG 2.20371 (guilder na hÍsiltíre) |
1 | ATS 13.7603 (Schilling na hOstaire) |
1 | PTE 200.482 (Escudo na Portaingéile) |
1 | SIT 239.640 (Tolar) |
1 | SKK 30.1260 (Koruna na Slóvaice) |
1 | FIM 5.94573 (Markka na Fionlainne) |
Céard atá ar eolas agat faoin euro?
Tabhair faoinár dtráth na gceist agus déan do chuid eolais ar an euro (agus ar an mBanc Ceannais Eorpach) a thástáil.