Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Straitéis airgid thirim an Eurochórais

Táimid tiomanta d’airgead tirim agus do chinntiú gur rogha i gcónaí é íoc le hairgead bainc ceannais.

Is dlíthairiscint iad nótaí bainc agus boinn euro sa limistéar euro. Tá fíorthábhacht ag baint leis an airgead tirim. Is ceann de do chuid roghanna íocaíochta é agus tá sé ríthábhachtach chun ionchuimsiú airgeadais a chinntiú do gach grúpa sa tsochaí. 

Tá sé mar aidhm ag ár straitéis airgid a chinntiú go bhfuil airgead tirim in euro ar fáil go forleathan, inrochtana agus go nglactar leis mar mhodh íocaíochta agus stór luacha araon. Leanfaidh sé freisin de bheith nuálach, slán agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Déanaimid todhchaí an airgid thirim a chosaint ar bhealaí éagsúla.


Cinntímid infhaighteacht airgid thirim in euro

Cinntímid go mbíonn nótaí bainc agus boinn euro ar fáil i gcónaí. Cuireann na bainc cheannais náisiúnta seirbhísí airgid thirim ar fáil saor in aisce agus oibríonn siad chun an bealach a ngluaiseann airgead tríd an ngeilleagar a dhéanamh chomh costéifeachtúil agus is féidir. Cuirimid san áireamh freisin an gá atá le hairgead tirim in euro lasmuigh den limistéar euro.

Foghlaim tuilleadh faoi lóistíocht airgid thirim 

Tacaímid le rochtain ar sheirbhísí airgid thirim do gach duine

Ní mór go mbeadh daoine agus gnólachtaí in ann rochtain a bheith acu ar a gcuid airgid. Dá réir sin, tacaímid le bainc agus seirbhísí leordhóthanacha airgid thirim á soláthar acu, amhail aistarraingtí airgid thirim gan táille ar bith nó aistarraingtí gan táillí iomarcacha. Is féidir le miondíoltóirí seirbhísí malartacha airgid thirim a chur ar fáil freisin amhail ‘‘airgead-ar-ais’’ nó aistarraingtí teoranta airgid thirim.

Foghlaim tuilleadh faoi rochtain ar airgead tirim

Cinntímid go nglactar le hairgead tirim i ngach áit

Measann an chuid is mó de dhaoine sa limistéar euro go bhfuil sé tábhachtach a bheith in ann íoc le hairgead tirim. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go nglactar le hairgead tirim gach áit. Tugann sé rogha íocaíochta do dhaoine, gan daoine nach bhfuil rochtain acu ar íocaíochtaí leictreonacha a fhágáil faoi mhíbhuntáiste.

Foghlaim tuilleadh faoi ghlacadh le híocaíochtaí in airgead tirim

Forbraímid nótaí bainc euro atá nuálach agus slán

Tá nótaí bainc euro faoi chosaint ag na teicneolaíochtaí is déanaí chun iad a dhéanamh an-fhrithsheasmhach in aghaidh góchumtha agus éasca le fíordheimhniú ag an bpobal agus ag láimhseálaithe gairmiúla airgid thirim. Cinntímid ardchaighdeán na nótaí bainc euro agus táimid ag obair ar dhearaí nua do shraith a bheidh ann amach anseo.

Foghlaim tuilleadh faoi nótaí bainc a bheidh ann amach anseo

Coinneoimid nótaí bainc sábháilte agus inbhuanaithe

Cinntímid go bhfuil ár nótaí bainc sábháilte lena dtáirgeadh agus lena n-úsáid. Mar shampla, déanaimid taighde ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag táirgeadh agus cúrsaíocht nótaí bainc ar shláinte an phobail agus ar an gcomhshaol agus déanaimid an méid sin a thástáil. Déanaimid staidéar freisin ar conas nótaí bainc a dhéanamh chomh hinbhuanaithe agus is féidir.

Foghlaim tuilleadh faoi lorg comhshaoil nótaí bainc euro

Fiosraigh tuilleadh


Ról an airgid thirim

Is é airgead tirim an modh íocaíochta is mó a úsáidtear i siopaí sa limistéar euro agus is féidir le gach duine úsáid a bhaint as. Cuireann airgead tirim feidhmeanna agus tairbhí tábhachtacha ar fáil.

Feidhmeanna agus tairbhí an airgid thirim 

Dearcadh na dtomhaltóirí i leith íocaíochtaí

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil tomhaltóirí ag athrú a nósanna íocaíochta, agus ar mhéid an athraithe sin, imscrúdaíonn an Banc Ceannais Eorpach dearcadh shaoránaigh an limistéir euro i leith íocaíochtaí agus a n-iompar íocaíochta. 

Staidéar ar dhearcadh na dtomhaltóirí i leith íocaíochtaí 

Paradacsa na nótaí bainc

Le blianta beaga anuas, tá méadú leanúnach tagtha ar an éileamh ar nótaí bainc euro ach san am céanna is cosúil go bhfuil laghdú tagtha ar an úsáid a bhaintear as nótaí bainc le haghaidh idirbhearta miondíola, feiniméan ar a dtugtar ‘‘paradacsa na nótaí bainc’’.

Feasachán Eacnamaíoch BCE, Eagrán 2/2021 

Ceisteanna coitianta

An rachaidh airgead tirim i léig amach anseo? An bhfuil cead ag miondíoltóirí diúltú d’airgead tirim mar mhodh íocaíochta? An bhfuil inniúlachtaí ag bainc cheannais maidir le nótaí bainc agus boinn?

Faigh freagraí ar cheisteanna maidir le nótaí bainc agus airgead tirim go ginearálta

Gach leathanach sa rannóg seo